Abstract
Réamhfhocal
Sa staidéar píolótach seo rinneamar iniúchadh ar an gceangal atá ann idir labhairt na Gaeilge agus muintearas, ag díriú go sonrach ar chainteoirí Gaeilge ó chúlraí eitneacha agus/nó náisiúnta éagsúla i bPoblacht na hÉireann. Ghlac daoine, a raibh náisiúntachtaí agus eitneachtaí éagsúla acu, rannpáirt sa staidéar. Trí thaighde cáilíochtúil (ag amharc trí lionsa an náisiúnachais) rinneamar imscrúdú ar an gceist an dtugann labhairt na Gaeilge le mothú do dhaoine gur Éireannaigh iad. Ag an am céanna rinneamar scrúdú ar an eispéireas a bhí acu le daoine a bhí ag iarraidh iad a dhúnadh amach. Taispeánann ár dtorthaí an ról cumasaithe atá ag an nGaeilge do dhaoine ó chúlraí éagsúla, ag cuidiú leo imeascadh sa tsochaí, ag cuidiú leo cur i gcoinne an choimhthithe nó an chiníochais, agus i gcoinne daoine a cheistíonn cén fáth a bhfuil siad in Éirinn. Mar sin féin, d’fhéadfadh teannas a bheith ann idir Éireannaigh bhána agus iad siúd ó chúlraí éagsúla atá ina gcainteoirí Gaeilge, rud a thógann ceisteanna tábhachtacha maidir le coimhlintí agus toradh na gcoimhlintí sin. Tugann an staidéar seo bunléargais ar chúrsaí agus leagann sé béim ar an ngá atá le tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh sa réimse seo.
Réamhrá
Ba chasadh suntasach é blianta an Tíogair Cheiltigh (1996–2010), an t-am ar mheall fás eacnamaíoch agus athruithe polaitiúla neart daoine de chúlraí éagsúla go dtí an tír, ina measc bhí imircigh eacnamaíocha agus neamheacnamaíocha, agus teifigh. Mar thoradh ar an tréimhse seo bhí daonra níos ilchineálaí (Gilmartin agus White, 2013) ó thaobh eitneachta agus teanga de i gcathracha mar Bhaile Átha Cliath, Luimneach, agus Gaillimh, chomh maith le bailte beaga ar nós Chluain Eois agus an Gort (An Príomh-Oifig Staidrimh, 2005). I measc an cúig mhilliún duine in Éirinn (is ar Phoblacht na hÉireann amháin a fhéachann muid san alt seo), tá daoine ó neart náisiúntachtaí éagsúla, cuir i gcás Polannaigh, Meiriceánaigh, Brasaíligh, Indiaigh, Iodálaigh, Francaigh agus Gearmánaigh (Byrne et al., 2010; An Príomh-Oifig Staidrimh, 2016).
Tá gnéithe den dátheangachas in Éirinn, agus an Ghaeilge agus an Béarla aitheanta araon mar theangacha oifigiúla stáit. Is ábhar éigeantach í an Ghaeilge sna bunscoileanna agus meánscoileanna in Éirinn (Kelly, 2002; Ó Ceallaigh agus Ní Dhonnabháin, 2015). Tá cead idir Ghaeilge agus Bhéarla a úsáid sa chúirt. Lena chur go simplí: cé gurb é Béarla an teanga is coitianta dá bhfuil le cloisteáil sa chúirt, tá sé de chead ag duine an Ghaeilge a úsáid sa chúirt agus tá dualgas ar an Stát nó eagraíocht phoiblí freagairt i nGaeilge (Coimisinéar Teanga, gan dáta). Aithnítear an Ghaeilge mar an chéad teanga oifigiúil i mBunreacht na hÉireann, in ainneoin nach bhfuil ach céatadán beag den daonra in ann í a labhairt go líofa (san alt seo braitheann muid ar fhéintuairisciú - go ndeir daoine go bhfuil siad in ann Gaeilge a labhairt) (féach na Daonáirimh). Ar an taobh eile de, is é an Béarla an teanga is forleithne dá labhraítear in Éirinn. Tá seasamh ait ag an nGaeilge, agus í ina teanga náisiúnta, oifigiúil agus, ag an am céanna, ina teanga mhionlaigh (Ó Laighin, 2022; O’Rourke agus Walsh, 2020). Is minic a fheictear í mar theanga na hoidhreachta agus na féiniúlachta cultúrtha, agus mar shiombail den Éireannachas agus den náisiúnachas (Ní Drisceoil, 2013; Comhairle na hEorpa, 2008). Ba threisede na mothúcháin náisiúnacha a bhaineann leis an teanga an cur i gcoinne a rinne coilíneachas na Breataine uirthi (Falc’her-Poyroux, 2014).
Iompraíonn an Ghaeilge caipiteal cultúrtha agus siombalach (féach Bourdieu, 1986; cf Baumann, 2000; Giddens, 1990; Jameson, 1998), sa mhéid is go léiríonn sí cuid thábhachtach de chultúr na hÉireann agus go bhfuil le haithint gur tríd an nGaeilge a iompraíonn daoine ar leith oidhreacht na tíre (Ó Riagáin, 1997; Watson, 2008; O’Reilly, 1997). Mar a luadh thuas, múintear í mar ábhar éigeantach i scoileanna agus, chomh maith le sin, is teanga labhartha na nGaelscoileanna í. Ina theannta sin, méadaítear ar shealbhú na Gaeilge mar go ndéanann na mílte duine cúrsaí múinte Gaeilge agus/nó go gcaitheann siad tréimhsí i gceantair Ghaeltachta (ceantair ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar theanga phobail) (Coleman agus Ó Ciosáin, 2020), nó fiú i bhfeiniméin ar nós an Pop-Up Gaeltacht (Seoighe, 2018), agus tá neart nuachainteoirí Gaeilge ann (féach Higgins, 2022; Ó Murchadha, 2018; Walsh et al., 2015; Walsh, 2019). Tháinig méadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge de réir mar a mhéadaigh an daonra, ach tá céatadán na gcainteoirí Gaeilge sa daonra réasúnta seasmhach (féach daonáirimh ó na 1970dí i leith).
Cé gur minic a scríobhtar faoi athbheochan na Gaeilge, is beag staidéar a rinne iniúchadh ar thionchar na Gaeilge ar chainteoirí Gaeilge ó chúlraí éagsúla eitneacha agus náisiúnta (McCubbin, 2010). Spreag an domhandú suim níos leithne i dtraidisiúin agus i bhféiniúlachtaí áitiúla mar chúiteamh ar aon chaillteanas a thárla mar gheall ar an domhandú (Baumann, 2000; Giddens, 1990; Jameson, 1998; Mac Giolla Chríost, 2014).
Mar sin is léir go bhfuil áit ar leith ag an nGaeilge in Éirinn, agus í ina siombail de chultúr na hÉireann agus ina teanga ar minic go labhrann mionlach í. Trí scrúdú a dhéanamh ar ról na Gaeilge i gcothú muintearais, imeasctha, agus coimhlintí, is féidir linn tuiscint níos fearr a fháil ar thionchar na Gaeilge ar phobail éagsúla in Éirinn. Mar a deir Fathi, is é atá i gceist le muintearas ná ‘deep feeling of inclusion to a grouping, a social space or transnational geographical locations’ (Fathi, 2021: 5). Ní mór dúinn an caidreamh idir an Ghaeilge agus cainteoirí de chúlraí eitneacha agus náisiúnta éagsúla a fhiosrú a thuilleadh.
Creat teoiriciúil
Is idé-eolaíocht pholaitiúil cheannasach é an náisiúnachas a bhfuil a lorg le brath in gach leibhéal den tsochaí: an stát, an saol polaitiúil, an tsochaí shibhialta, corparáidí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus caidrimh idirphearsanta (Malešević, 2019). Tuigtear an náisiúnachas eitneach, ach go háirithe, a bheith bunaithe ar theanga, ar thraidisiún, ar reiligiún agus ar thréithe fisiciúla. Mar a dúirt Hobsbawm: ‘The ideal of such a state is represented by an ethnically, culturally, and linguistically homogeneous population’ (Hobsbawm, 1996: 166; féach freisin: Guibernau, 1996). I gcomparáid leis sin, cuireann an náisiúnachas cathartha béim ar luachanna polaitiúla na saoránach. Tá ról ríthábhachtach ag teanga i náisiúnachas mar go gcabhraíonn sí i gcruthú an phobail shamhailtigh agus i gcothú an mhuintearais (Anderson, 1991; Motyl, 2001; Watson, 2016).
Baineann tógáil náisiún le dinimic ó leibhéal an stáit anuas (go hingearach) agus, ag an am céanna, trasna (go cothrománach) i measc an phobail (féach Billig 1995 agus a oidhreachta in Fox agus Miller-Idriss, 2008; agus Skey, 2009). Cuireann intleachtóirí le caighdeánú na dteangacha náisiúnta, agus tá ról ríthábhachtach ag an oideachas éigeantach i scaipeadh na dteangacha sin. Cuidíonn teanga le tógáil náisiún samhlaithe. Treisíonn gnáthghníomhartha an náisiúnachais féiniúlachtaí náisiúnta trí shiombailí, agus trí dhaoine a bheith rannpháirteach in imeachtaí náisiúnta (féach Barthes, 1977; Jenne, 2018; Piller, 2011).
Tá leathnú déanta ag an domhandú ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, polaitiúla agus cultúrtha thar theorainneacha náisiúnta, rud a fhágann go bhfuil idirspleáchas méadaithe i measc na náisiúnstát (Baldwin, 2016; Baumann, 2000; Beck, 2008; Calhoun, 2002; Giddens, 1981 agus 1990; Harvey, 1989; Held agus McGrew, 2003). Mar gheall ar an bpróiseas seo tá na náisiúnstáit níos ilchultúrtha, ilteangaí. Chuir dul chun cinn sa teicneolaíocht, cosúil le naisc idirlín níos tapúla agus cumarsáid fhíorúil, dlús breise leis an idirnascacht dhomhanda (Baylis agus Smith, 1999; Calhoun, 2008).
Tá an t-ilteangachas ag dul i méid ar fud an domhain, agus é á spreagadh ag fachtóirí cosúil leis an inimirce agus an dearcadh ar theanga i ndomhan domhandaithe (Ahmad, 2007; Eurostat, 2019; Hatziprokopiou et al., 2016; Zeigler agus Camarota, 2019). Tá luach ag an ilteangachas ó thaobh na mothúchán agus an tsiombalachais de, agus go hábhartha freisin, sa mhéid agus go gcuidíonn sé le daoine páirt a ghlacadh sa tsochaí. Mar shampla, léirigh taighde le Ó Laoire (2005) agus Giles (2016), i measc taighde eile, go n-aithníonn roinnt mhaith daoine a thagann anseo ó thíortha eile gur uirlis í an Ghaeilge le cuidiú leo páirt a ghlacadh sa tsochaí agus mar shiombail de chultúr na hÉireann, rud a chuireann ar a gcumas muintearas a bhunú le daoine eile sa tsochaí.
Tháinig athbheochan ar theangacha mionlaigh, an Ghaeilge san áireamh, trí iarrachtaí na bpobal éagsúil eitneach agus náisiúnta (Ó Ceallaigh agus Ní Dhonnabháin, 2015; Stevenson, 2009). Is féidir athbheochan na dteangacha sin a chur i leith gníomhartha rialtais ón mbarr anuas (McCubbin, 2010) chomh maith le gníomhaireacht daoine aonair agus i bpáirt le chéile ón mbun aníos. Tá ceist ann, áfach, an nglactar le cainteoirí mionteangacha laistigh den chultúr ceannasach.
Sa 21ú haois, tá sé níos éascaí ag daoine taisteal agus dul i mbun cumarsáide go hidirnáisiúnta, rud a thugann dúshlán coincheapa traidisiúnta an mhuintearais. San am atá thart, uaireanta mhothaíodh imircigh “neamhláithreacht dhúbailte” (nó “double absence”) (Sayad, 2014) uathu .i. ón áit a d’fhág siad agus ón áit ar tháinig siad ag cónaí ann, ach sa lá atá inniu ann is minic is féidir le himircigh modhanna nua cumarsáide a úsáid le páirt a ghlacadh sa tsochaí a d’fhág siad agus, ag an am céanna, páirt a ghlacadh sa tsochaí ina bhfuil siad ina gcónaí, rud a chothaíonn féiniúlachtaí iolracha. Tá tréithe suibiachtúla agus sóisialta ag an muintearas, agus tá tionchar ag na tréithe sin ar dhaoine a aithint mar bhaill den tsochaí (Fathi, 2021; Ralph agus Staeheli, 2011; Valentine et al., 2009; Yuval-Davis, 2006). Gan na tréithe ar leith (ar nós teanga, traidisiún, reiligiún agus tréithe fisiciúla), mar a deir Fathi, ‘migrants are seen not just as others but different types of others: those who are capable, deserving, or able to belong in a particular setting and those who do not share such characteristics’ (Fathi, 2021: 5). Is beag an méid inimirceach a bhfuil Gaeilge líofa acu, ach tá sí ina buntáise acu siúd a bhfuil sí acu, ós rud é go bhfuil ról ríthábhachtach ag teanga i múnlú muintearais, mar is minic a mheastar líofacht sa teanga náisiúnta a bheith ina buntréith le go nglacfar le duine agus go ndéanfar é a imeascadh sa tsochaí nua (Ó Laoire, 2005; Gaelscoileanna Teo., 2008; Watson agus Nic Ghiolla Phádraig, 2011).
Tá ceangail sa tsochaí nua-aimseartha idir an náisiúnachas agus an domhandú a chothaíonn teannas idir féiniúlachtaí náisiúnta eisiacha agus náisiúntachtaí níos oscailte. Cé go bhféachtar uaireanta ar an ilteangachas mar rud a dhéanann dochar don náisiún, ag an am céanna tugann an t-ilteangachas deiseanna i leith malartú cultúrtha, comhtháthú daoine de chúlraí éagsúla agus athbheochan mionteangacha. I ndomhan domhandaithe, feidhmíonn teanga mar fheithicil don tsamhlaíocht, don fhéiniúlacht, agus le muintearas a chothú. Tá sé ríthábhachtach dúinn tuiscint a fháil ar an idirghníomhú atá ann idir teanga, náisiúnachas agus domhandú le cuidiú linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus ar na deiseanna a bhaineann le héagsúlacht eitneach agus le féiniúlacht chultúrtha i sochaí an lae inniu, mar sin rinneamar an taighde píolótach seo, mar atá leagtha amach thíos, le tuiscint a fháil ar an dearcadh i leith na féiniúlachta atá ag daoine de chúlraí éagsúla a bhfuil Gaeilge acu.
Modheolaíocht
Sa chuid seo den pháipéar tá forbhreathnú ar an modheolaíocht a úsáideadh sa staidéar cáilíochtúil a rinneamar ar chainteoirí Gaeilge ó chúlraí éagsúla náisiúnta agus eitneacha in Éirinn. Bhí sé mar aidhm againn sa staidéar seo an gaol idir an Ghaeilge agus muintearas i measc na ndaoine sin a fhiosrú.
Rinneamar agallamh le daoine a labhrann Gaeilge ar bhonn laethúil, ó chúlraí náisiúnta agus eitneacha éagsúla. Bhí cumas Gaeilge éagsúil ag na rannpháirtithe ó líofa go han-líofa. Is fiú a rá gur Iodálach a chuir na rannpháirtithe faoi agallamh i mBéarla chun freastal ar pheirspictíocht eitice (ag spreagadh freagraí oscailte) agus peirspictíocht eimiceach le fáil ón údar eile ag a bhfuil Gaeilge líofa (ag fáil léargais ón taobh istigh agus ón taobh amuigh). Síleann muid gur éirigh leis an modh oibre seo, mar go raibh na hagallaithe an-oscailte leis an agallóir agus iad ag míniú cúrsaí dó, rud nach dóigh linn a tharlódh leis an taighdeoir Éireannach le Gaeilge.
Bhí deacracht ann líon níos mó agallaithe a aimsiú a shásaigh na critéir maidir le bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge de bhunús eitneach éagsúil agus a bheith sásta páirt a ghlacadh sa staidéar. Mar sin féin, léiríonn méid an ghrúpa bhig agallaithe gur fiosrú tosaigh i réimse idirdhisciplíneach a bhí sa taighde agus tugann sé treoir dúinn maidir le leanúint ar aghaidh leis an taighde amach anseo.
Mhair na hagallaimh timpeall tríocha nóiméad an ceann agus leanadh modh leathstruchtúrtha. Socraíodh na ceisteanna agus na topaicí roimh réidh, ar bhealach a bhí fóirsteanach don taighde. Trí cheisteanna oscailte a úsáid bhíothas in ann pointí suimiúla a d’ardaigh na agallaithe a fhiosrú, fiú má d’imigh siad ón liosta ceisteanna.
De bharr na paindéime, reáchtáladh na hagallaimh go fíorúil. Daoine ar cuireadh oideachas 3ú leibhéal orthu a bhí sa sampla go príomha, bhí siad idir 23 agus 50 bliain d’aois, naonúr ban agus triúr fear. Ghlac daoine ar d’eitneachtaí éagsúla iad páirt sa taighde – daoine ag a raibh cúlra na hAfraice, na hÁise, Mheiriceá agus na hEorpa, a rugadh (nó ar rugadh a dtuismitheoirí) sa Nigéir, i Vítneam, sa Rúis, sna Stáit Aontaithe, san Iodáil, agus sa Ríocht Aontaithe. Ar ndóigh, bhí ní ba mhó ná Gaeilge agus Béarla ag na hagallaithe, bhí teangacha eile i gceist, ar nós Iarúibis, Rúisis, agus Iodáilis.
Aithnítear sa staidéar an dearcadh traidisiúnta ar mhodhanna taighde a leagann béim ar ilchineálacht a laghdú ar mhaithe le hiontaofacht an taighde a mhéadú (féach Lorenc et al., 2016). Mar sin féin, breathnaítear ar nádúr ilchineálach an tsampla mar dheis chun anailís mhínitheach a dhéanamh, go háirithe mar gur taighde cáilíochtúil a bhí ar bonn againn a raibh sé mar aidhm aige tuiscint dhomhain a fháil ar an bhfeiniméan suntasach seo. Mar sin, bhí fachtóirí cosúil le dath craicinn, tír dhúchais, agus teanga ina ngnéithe tábhachtacha anailíse.
Bhí bealaí éagsúla ag na rannpháirtithe chun an Ghaeilge a fhoghlaim, ina measc bhí cúrsaí teanga, tumoideachas, cruinnithe teanga agus ócáidí sóisialta ar nós an Pop-Up Gaeltacht, chomh maith le hacmhainní digiteacha ar nós bogearraí foghlama. Bhaineamar úsáid as foinsí tánaisteacha freisin, ar nós rudaí a scríobhadh faoin Pop-Up Gaeltacht, leis an bhfianaise a fuair muid ó na hagallaimh a chomhlánú agus chun ábhar breise a bheith againn le haghaidh na hanailíse.
Rinneadh na hagallaimh thar thréimhse dhá mhí, ag úsáid cur chuige samplála na ‘liathróide sneachta’ chun agallaithe a earcú i measc lucht aitheantais na n-agallaithe tosaigh. Mar sin féin, níor earcaíodh ach beirt rannpháirtí ag baint úsáide as an modh seo. Rinneadh teagmháil le formhór na n-agallaithe trí mheáin shóisialta ar nós Facebook nó trí leathanaigh ghréasáin phearsanta. Fuaireamar ceadú eiticiúil ó Oifig um Eitic na hOllscoile, UCD, chuireamar eolas ar fáil do na rannpháirtithe uile faoin staidéar agus chuireamar ainmneacha bréagacha ar na hagallaithe don chódáil.
Torthaí agus anailís: an Ghaeilge, cuimsiú agus eisiamh
Is dúshraith an náisiúin iad tosca éagsúla ar a n-áirítear teanga, dath craicinn, tréithe coirp agus aghaidhe, náisiúntacht, sinsearacht, etc., agus oibríonn siad le hidirdhealú mionchúiseach a dhéanamh idir iad siúd a bhaineann agus iad siúd nach mbaineann go teoiriciúil leis an náisiún. Tá seo fíor go háirithe agus muid ag féachaint ar ár gcéad sliocht: Sliocht 1 a lot of questions or comments if I'm speaking Irish will be like, Oh, wow, I didn't expect that. And I know, they don't mean it in a cruel way. But it's just kind of like, you obviously think, Oh, well, Irish people are white. (Agallamh le Hue) Sliocht 2 People are usually surprised just because I'm black. They don't really expect […] people of colour to speak the native tongue. (Agallamh le Adaoma)
Cosúil le Hue, tá Adaoma sna tríochaidí. Tháinig sí ón Nigéir lena tuismitheoirí nuair a bhí sí 7 mí d'aois. Deir an bheirt acu gur féiniúlacht Éireannach atá acu, go bhfuil pas Éireannach acu, gur fhreastail siad ar Ghaelscoileanna, go labhrann siad Gaeilge líofa go laethúil, agus go saothraíonn siad a gcoda ar bhonn na Gaeilge. Is gníomhaí sóisialta, iriseoir agus scríbhneoir í Hue, a fhoilsíonn i nGaeilge agus i mBéarla, agus is gníomhaí sóisialta, blagálaí agus láithreoir raidió Adaoma a chraolann i nGaeilge. Agus fós féin fulaingíonn siad de bharr ciníochas ceilte agus follasach gach lá beagnach de bharr iompair daoine nach nglacann leo mar Éireannaigh. Sliocht 3 One day I was walking on Parnell Street, one of Dublin's most crowded streets, a group of teenagers walked towards me yelling racial slurs, then one of the youths grabbed my face and spat on me. (Agallamh le Hue)
Nuair a d’fhiafraiomar di an lagaíonn eispéiris den chineál seo an muintearas a mhothaíonn sí le pobal na Gaeilge, dúirt sí nach lagaíonn, luaigh sí a líofacht sa Ghaeilge mar ghné thábhachtach a chothaíonn a féiniúlacht mar bhean Éireannach: Sliocht 4 [The Irish language] is a part of me that no one can take away from me. And I think that's really important in terms of fostering my own identity here in Ireland […] I had a very strong Irish upbringing, the only difference was that I'm not white. (Agallamh le Hue) “Gabh mo leithscéal?” (excuse me?). In absolute disgust, he told me to stop “speaking fucking Chinese” and I had to stop myself laughing out loud. An older woman nearby seemed to be smothering the same kind of amusement. “Ó, nach dtuigeann tú mé?” (Oh, don't you understand me?). He looked at me as if I could have been speaking any sort of dirty “foreign” language and appeared visibly annoyed that he couldn't understand me. My body filled with glee and I smiled brightly back at him. I had shut him up. (Kavanagh, 2019: 111)
Bhí Emma, Sara, agus a gcairde ag ceiliúradh le deartháir Sara, a bhí tagtha ar cuairt chuici ón Iodáil. De thaisme, bhuail Sara i gcoinne fear agus dhoirt a bheoir ar a ghlúin. Dúirt Emma gur ghabh Sara gach leithscéal leis (agallamh le Emma) agus gur thairg sí beoir a cheannach don fhear. Ní raibh aon éifeacht dhearfach aige sin ar an bhfear. Chas an fear thart agus dhoirt sé pionta beorach anuas uirthi, agus ansin thug sé íde béil di agus ‘you foreigners’ á rá aige (Agallamh le Emma). Ag an bpointe sin thosaigh Sara ag caint as Gaeilge: Sliocht 5 She wasn't very fluent at the time, but she said I'm learning Irish so that my children grow up here and can have help from me […] you see me as a foreigner, but I am part of your community here. I live here. I work here every day. (Agallamh le Emma)
Tá sé seo fíor go háirithe maidir le hobair a dhéanann gníomhaithe frithchiníochais ar nós Úna-Minh nó Zainab Boladale (féach https://ec.europa.eu/migrant-integration/news/ireland-first-afro-irish-woman-appointed-as-news-tv-presenter), láithreoir teilifíse Nigéireach-Éireannach, ar gníomhaí ar son na Gaeilge agus file í, agus daoine eile cosúil lenár n-agallaithe Hue agus Adaoma, a chomhcheanglaíonn a gcuid Gaeilge le gníomhú i gcoinne an chiníochais. Tá ár n-agallaithe ina gcraoltóirí, ina scríbhneoirí, ina láithreoirí teilifíse agus ina bhfilí, tá siad ar choistí frithchiníochais sa Roinn Dlí agus Cirt agus creideann siad gur féidir an Ghaeilge a úsáid le hÉire a dhéanamh níos ionchuimsithí, imeasctha, ilchultúrtha. De réir a ndearctha is rogha indéanta agus daonlathach í Éire ilchultúrtha in ionad Éire an chiníochais agus na héagóra, ar feiniméan é, a deir Fanning (2012; Fanning agus Michael, 2019) atá ag fás in Éirinn.
Agus scéalta beatha ár n-agallaithe á meas againn, feictear dúinn an chumhacht atá ag an Ghaeilge ina lámha siúd. Is féidir le Gaeilgeoirí de bhunúis eitneacha agus/nó náisiúnta éagsúla an Ghaeilge a úsáid ar bhealaí éagsúla. Tá an Ghaeilge ina caipiteal cultúrtha ar leith (mar a déarfadh Bourdieu, 1986) atá cothaithe ag ár n-agallaithe trí fhreastal ar Ghaelscoileanna nó ar chúrsaí foghlama Gaeilge, trí bhlaganna a scríobh i nGaeilge, trí dhul i mbun gníomhaíochta sóisialta, fostaíocht a lorg i nGaeilge, srl. Dá bharr sin cuireann siad lena stádas i leith na coda eile de dhaonra na hÉireann nach labhrann an chéad teanga oifigiúil. Feictear anseo ról na teanga sa dea-chlú a mhothaítear go náisiúnta trí usáid na Gaeilge agus sa chumas a thugann sí seo do mhionlaigh a stádas a ardú. Gné eile a d’fhéadfadh tacú leis seo ná gur cosúil go dtéann sé i bhfeidhm go dearfach ar Éireannaigh nuair a labhrann ár n-agallaithe Gaeilge. Molann siad na hiarrachtaí a rinne na hagallaithe an teanga a fhoghlaim, agus is cosúil gur spreagadh dearfach é an moladh sin. Mothaíonn ár n-agallaithe go bhfuil glacadh leo. Mar a mhaígh Olga, bean Rúiseach sna tríochaidí a tháinig go hÉirinn le staidéar a dhéanamh, ‘when Irish people hear me speaking Irish they burst into expressions such as “fairplay!”’. Mhaígh Abigail, mac léinn Meiriceánach sna fichidí a tháinig go hÉirinn chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, gur chuala duine i mBaile Átha Cliath í ag labhairt Gaeilge, tháinig an duine chuici agus dúirt, “thank you for learning Irish”.
I dtaca le husáid na Gaeilge de, ní amháin go mothaíonn daoine go bhfuil siad suite, mar a dúirt Yuval-Davis (2006), i dtírdhreacha na féiniúlachta Éireannaí, ach is ceist í a bhaineann le haitheantas agus leis na mothúcháin freisin, agus a thagann de bharr labhairt na Gaeilge go ndéanann na hÉireannaigh seo comhluadar le cainteoirí Gaeilge eile ar de chúlraí eitneacha éagsúla iad – Éireannach san áireamh. Tá an Pop-Up Gaeltacht ar cheann de na láithreacha atá ann le Gaeilge a labhairt agus leis an gciorcal caidrimh sóisialta a mhéadú: cruinnithe iad seo de chainteoirí Gaeilge atá ar leibhéil chumais éagsúla. Buaileann na daoine seo le chéile go minic i dteach tábhairne, suíomh ina bhféadtar an Ghaeilge a labhairt in atmaisféar suairc. Tá an-rath ar chruinnithe Pop-Up Gaeltacht le blianta beaga anuas, mar aon le hiarrachtaí eile chun an Ghaeilge a athbheochan. Le déanaí rinne Coleman agus Ó Ciosáin (2020) cur síos ar Pop-Up Gaeltacht mar thoradh ar an chúlú láidir a rinne stát na hÉireann ó bhainistíocht dhíreach a dheánamh ar iarrachtaí ar an nGaeilge a athbheochan. Chomh maith le sin dúirt siad go dtagann an Pop-Up Gaeltacht de thoradh na fiontraíochta náisiúnta atá fréamhaithe i bhféindhearbhú na Gaeilge mar theanga dhúchais na hÉireann agus mar theanga an Éireannachais dhomhanda. Go deimhin, eagraítear Pop-Up Gaeltachtaí thar lear freisin, ag tacú leis an aontacht faoin éagsúlacht.
In Éirinn, tugann an Pop-Up Gaeltacht pobal le chéile atá scaipthe ar phobal níos forleithne an Bhéarla. Sa suíomh seo, ní meán cumarsáide deighilte agus conspóideach í an Ghaeilge a thuilleadh, mar a bhí sna sleachta thuas. Is féidir le cainteoirí Gaeilge ag a bhfuil eitneachais agus/nó náisiúntachtaí éagsúla teacht ar phobal forbhfáilteach anseo a ghlacfaidh leo. Mhaígh an chuid ba mhó dár n-agallaithe gur fhreastail siad ar an Pop-Up Gaeltacht, agus gur thug sé le mothú dóibh go raibh siad mar pháirt den phobal ann.
Ní hé sin le rá nach mbíonn deacrachtaí ag cainteoirí Gaeilge de bhunadh náisiúnta agus/nó eitneach éagsúil. Taispeánann na sleachta seo a leanas samplaí de chleachtais an eisiata a bhfuil an náisiúnachas go smior iontu. Sliocht 6 I used to be quite confident when I first arrived here, but then as I met various people who weren't quite as supportive, they would be quite picky over my Irish, and that did make me a lot less confident with speaking Irish now. (Agallamh le Emily)
Ní sa saol laethúil nó in earnáil an oideachais amháin a nochtadh dearcthaí diúltacha bunaithe ar an náisiúntacht dár n-agallaí, thárla a leithéid i suímh oifigiúla freisin. Tuairiscíonn ár n-agallaí go raibh dearcadh diúltach ag daoine áirithe i leith a cuid scrúduithe oiliúna múinteora agus sa chás sin freisin luadh a náisiúntacht: “Tá a fhios agat, is Sasanach tú agus tá sé an-deacair”, a dúirt siad léi (Agallamh le Emily). Feicimid ansin an tuairim gur ar náisiúntacht an duine, seachas a chumas agus a thaithí teanga, a d’fhéadfadh an locht a bheith go dtí an pointe ar féidir an náisiúnachas a úsáid chun steiréitíopaí a bhuanú.
Ní hiad na hagallaithe sin an t-aon dream a shéanann dearcthaí diúltacha i leith daoine arb éagsúil a gcúlra náisiúnta agus eitneach atá ag foghlaim nó ag labhairt na Gaeilge. D’inis Jack, múinteoir Gaeilge as Sasana, dúinn faoi chomhrá a bhí aige le múinteoir eile a rugadh in Éirinn ach a tógadh i Sasana. Tugaimid Kate uirthi. Cosúil le Jack, d’fhoghlaim Kate Gaeilge nuair a bhí sí ina bean fhásta. Bhuail siad le chéile ag bainis cara dóibh, áit ar chuir sí ceist air cá raibh sé ag múineadh, agus d'fhreagair Jack: Sliocht 7 “I'm teaching in Galway”. And she corrected the way I pronounce the word Galway in English […] “What's wrong with the way I say Galway?” And she said, “You sound so English”, and I was like, Alright, as if, what's the problem kind of thing? […] “Oh, I thought I was saying Galway correctly”. And she said, “No, you need to say” whatever it was. And she said Galway. And to me, it sounded exactly the same as I was saying it. She was having a bit of a chip, you know, a dig at me about the way I pronounce the word Galway in English. (Agallamh le Jack)
Sliocht 8 And I kind of thought, how rude is that? […] you try to slag me over the way I pronounced something in the English language. Now, I've spoken Irish to you and actually kind of showed you that I can speak Irish fluently. She didn't like it one bit, and that's why she walked away from me, you know, and that kind of thing has happened on a couple of occasions. (Agallamh le Jack) Sliocht 9 it's just down to the fact that I’m a foreigner who speaks Irish […] and it would be the same probably with any other nationality. If that person could speak Irish better than an Irish person, the Irish person, then, in some instances, I think they feel shamed. (Agallamh le Jack)
Ina ainneoin sin is uile, cé go bhfuil sé tábhachtach a rá gur ó fhoinse thánaisteach a tháinig an scéal maidir le Kate (níor chuireamar agallamh uirthi – níl ach leagan Jack ar eolas againn), níl sé dothuigthe go mbeadh náire uirthi. B’fhéidir go dtagann an mothúchán seo ón mbarúil náisiúnaíoch gur teanga mhuintir na hÉireann í an Ghaeilge. Is é an náisiúnachas a chruthaíonn an dearcadh gur ceart go mbeadh Gaeilge níos fearr ag Éireannach ná ag ‘eachtrannach’. B’fhéidir go mbaintear siar as Gaeilgeoirí Éireannacha nuair a shroicheann cainteoirí Gaeilge de chúlra eitneach difriúil leibhéal líofachta níos airde. Cé go bhfuil gá le tuilleadh staidéir le tuiscint níos doimhne a fháil ar an bhfeiniméan seo, léiríonn sleachta 7–9 an cineál easaontais a ghineann an náisiúnachas nuair a bhíonn teangacha i gceist. Is mó is amhlaidh atá an scéal i gcás na hÉireann, áit arb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil, cé gur Béarla an teanga is forleithne a labhartar. Ina theannta sin, ba cheart machnamh a dhéanamh ar an gcaidreamh stairiúil idir Sasana agus Éire, agus an teannas atá ann lenár linn tar éis Brexit. Cás achrannach, conspóideach is ea cás na hÉireann, ach san am céanna a thugann deis dúinn ról mionteanga a fhiosrú i leith an eitneachais agus an náisiúnachais. Mar sin féin, tá brí leis an bpointe a tháinig chun cinn sna sleachta seo .i. gur cosúil go mbítear ag súil go mbeidh labhairt na Gaeilge níos fearr ag an Éireannach agus go gcothaíonn sé sin scoilt idir an méid atá á éileamh ag an náisiúnachas – is é sin go mbeadh an t-aon teanga amháin ag an náisiún – agus, os a choinne sin, an fhírinne go bhfuil níos mó ná teanga amháin á labhairt sa tír.
Conclúid
Bhí sé mar aidhm ag an taighde seo iniúchadh a dhéanamh ar an ngaol idir labhairt na Gaeilge agus muintearas i measc daoine ó chúlraí eitneacha éagsúla in Éirinn. Trí agallaimh agus anailís dhomhain bunaithe ar theoiricí náisiúnacha, léiríonn ár dtorthaí go gcuireann labhairt na Gaeilge le féiniúlacht agus le muintearas na hÉireann, fiú in aghaidh eisiata atá bunaithe ar dhath craicinn nó ar bhlas cainte. D’aithin na hagallaithe tábhacht chultúrtha na Gaeilge, rud a chabhraigh leo a mhothú gur chuid den tsochaí iad. Thug an Ghaeilge idir chlú agus chothrom na féinne dóibh, go háirithe nuair a bhain eachtraí ciníocha dóibh a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an gciall a bhí acu dá bhféiniúlacht. Mar sin féin, de thairbhe labhairt na Gaeilge a bheith acu, tharlaíodh coimhlintí anois is aris idir iad agus daoine de bhunadh na hÉireann a shíl go dtig le háit bhreithe duine a bheith ina constaic ag daoine a labhrann Gaeilge seachas luach a chur ar na hiarrachtaí a rinne siad an teanga a fhoghlaim. Is beag aird a tugadh ar an bhfeiniméan seo i gcomhthéacs na mionteangacha in Éirinn.
Ina theannta sin, tháinig paradacsa náisiúnta chun cinn nuair a léirigh cainteoirí Gaeilge ag a raibh eitneachtaí agus náisiúntachtaí éagsúla go bhfuil siad níos inniúla ar an nGaeilge ná roinnt de na hÉireannaigh (Hiberniores Hibernis ipsis mar a deir an nath cainte meánaoiseach. Féach an taighde le Kuch agus Robson 2003). Cuireann sé seo in aghaidh na tuisceana gur leis an náisiún amháin an teanga náisiúnta. D’fhéadfadh go mbeadh tuiscint níos doimhne ag náisiúnaigh eachtracha ar chultúr agus ar theanga na hÉireann. Ardaítear leis seo ceisteanna faoi conas a dhéanann daoine nach Éireannaigh iad an oidhreacht náisiúnta a sheachadadh ar aghaidh agus na himpleachtaí atá aige sin don fhéiniúlacht náisiúnta. Cruthaítear scoilt in Éirinn de bharr an éilimh atá ag an náisiúnachas nach mbeadh ach teanga amháin ag an náisiún. Cé go bhfuil gá le tuilleadh taighde le himpleachtaí an fheiniméin seo a fhiosrú, is léir go dtrasnaíonn an náisiúnachas in Éirinn an éagsúlacht teanga, rud a chuireann coincheapa na féiniúlachta agus an mhuintearais trína chéile.
