Abstract
Pléitear stair an chraolacháin Ghaeilge thar na cúig bliana is seachtó ó thosaigh an stáisiún raidió 2RN, suas go dtí an lá atá inniu ann agus teacht TG4. Cuirtear an argóint chun cinn go bhfuil coimhlint ann idir dhá idé-eolaíocht – bíonn daoine ag súil go mbeidh TG4 in ann freastal ar an mhionlach a labhrann Gaeilge agus teacht ar airgead ó fhógraíocht a bhíonn ag brath ar lucht féachana níos mó ná mar atá ar fáil i measc lucht labhartha na Gaeilge amháin. Ar an lámh eile de thig le TG4 ról tábhachtach a bheith aici mar réimse miotasach inar féidir le Gaeilgeoirí a bhféiniúlacht a dhlisteanú.
Get full access to this article
View all access options for this article.
